Announcement

Collapse
No announcement yet.

Connacht 2010 - 2011

Collapse
X
 
  • Filter
  • Time
  • Show
Clear All
new posts

    #46
    Úd den scoth do Chonnacht i ndiaidh trí bhomaite!! Agus é slánaithe sin 7-0 cheana féin.
    Tis but a scratch.

    Comment


      #47
      Tá siad i ndiaidh píonós a bhaint ag an chlibirt.
      Tis but a scratch.

      Comment


        #48

        Smíste láidir suas go líne na nDragons, ach chaill siad an liathróid ag an bhomaite deireanach agus bhí na Breatanaigh in ann na línte a ghlanadh.
        Tis but a scratch.

        Comment


          #49
          Clibirt eile i lár na páirce - tá siad ag déanamh go hiontach maith leis an chomórtas sin.
          Tis but a scratch.

          Comment


            #50

            ... agus arís eile - i bhfad níos láidre ná na Dragons sa chlibirt. Buntáiste píonóis bronnta orthu faoi láthair - ach anois séideadh feadóige os comhar na gcuaillí. Ní bhfuair Keatley é, áfach.
            Tis but a scratch.

            Comment


              #51
              Cic píonóis bronnta ar na Dragons anois, ach ní éiríonn le Tovey na chéad trí phointe a chur ar an chlár.
              Tis but a scratch.

              Comment


                #52


                Troidín ... bronnadh buntáiste pionóis ar na Dragons i leith greamú contúirteach a rinne Ezra Taylor agus d'asaontaigh na Dragons leis an chur chuige sin.[img]smileys/lol.gif[/img] Cárta buí do Taylor agus cic pionóis le teacht ... faighte. 7-3.
                Tis but a scratch.

                Comment


                  #53
                  Chippy,bfuil deontas ó Roinn na Gaeltachta faighte agat. [img]smileys/biggrin.gif[/img]
                  The early bird catches the worm but it's the second mouse that gets the cheese.

                  Comment


                    #54

                    Brew ag ciceáil amach taobh amuigh den 22 - ionsaí láidir ar dtús agus faigheann Connacht deis maith ón síneadh amach. Pionós eile bronnta orthu taobh istigh den 22, agus rabha tugtha do Charteris go bhfuil siad i bponc imreoir a chailleadh. 10-3.
                    Tis but a scratch.

                    Comment


                      #55

                      Originally posted by Arthur Guinness
                      Chippy,bfuil deontas ó Roinn na Gaeltachta faighte agat. [img]smileys/biggrin.gif[/img]
                      Ní go fóill ach d'fháilteoinn roimh dheonachán ar bith! [img]smileys/lol.gif[/img]
                      Tis but a scratch.

                      Comment


                        #56
                        Pionós eile in éadán na Dragons agus cárta buí do Charteris i leith imirt as alt. Áfach, pionós eile in éadán Connachta 30 soicind níos moille agus an t-ádh orthu go dtéann sé ar foraíl.
                        Tis but a scratch.

                        Comment


                          #57

                          Briseadh fríd den scoth ó Carr!! Connacht suas go dtí an líne 5m agus ansin pionós eile bronnta orthu i leith greamaithe ón taobh. 13-3, Connacht abú!
                          Tis but a scratch.

                          Comment


                            #58
                            13 - 3 to Connacht. Good stuff.
                            Excellence is hard to keep quite - Sherrie Coale

                            Comment


                              #59
                              Neart meancóga ar taobh na Dragons faoi láthair, tá siad faoi bhrú anois agus 15 ag imirt in éadán 14. Clibirt i lár na páirce bainte go maith ag Connacht agus éiríonn le Frank Murphy go leor brú a chur orthu le cic chun tosaigh go mbaineann Connachht an síneadh amach. Tá siad ag brú chun cinn agus faigheann siad clibirt eile idir an 10m agus an 22.
                              Tis but a scratch.

                              Comment


                                #60
                                Clibirt eile láidir ar taobh Connachta agus ritheann Cronin isteach le haghaidh úd eile - yahúúúú!!!!!
                                Tis but a scratch.

                                Comment

                                Working...
                                X