PDA

View Full Version : Leinster v Munster tracker le Gaeilge



mr chips
2nd-October-2010, 16:07
Ó a Dhia, tá an lá mór ann!!

Is cosúil NACH mbeidh Sexton ag toiseacht. Beidh le feiceáil cén cineál tionchar a imreoidh an folúntas sin.

As I've said before on the other Gaeilge tracker threads - this isn't
intended to be an exclusively Irish language thread, and if
people want to post their own comments and observations in English, feel
free to do so!
</span>

Some terms you might hear in the TG4 commentary, plus a few previously mentioned.

Leathchúlaí - outhalf / half back
Síneadh amach - lineout
Achar 22 - the 22 (area)
Ag ionsaí - attacking
Clibirt - scrum
Smacht - discipline
Greamadh - tackle
Cliathán - wing
Cliathánach - flanker
Feadóg - whistle
Tulchnag - knock on
Úd - try
Úd slánaithe - converted try
Cic éirice / cic pionóis - penalty kick
Iogán - foul

Rógairí lofa - rotten cheats smileys/razz.gif
Ag imirt go cliste - playing cleverly
Bua - victory

mr chips
2nd-October-2010, 16:33
Meancóg laithreach - níor éirigh le Nacewa an liathróid a chur 10m. Nó b'fhéidir go bhfuil siad ag iarraidh clibirte láithreach. Bhí sí go measartha, cibé ...

blackwarrior
2nd-October-2010, 16:34
Cá bhfuil an tine?

mr chips
2nd-October-2010, 16:34
Quinny &amp; O'Brien ag cur aithne ar a chéile go luath! Agus an chéad pionós againn anois ...

mr chips
2nd-October-2010, 16:36
Bulaí fir ROG!! 0-3. Mumhan Abú!!

mr chips
2nd-October-2010, 16:36
Cá bhfuil an tine?




Aontaím leat, tá an deatach sin amaideach ar fad ...

mr chips
2nd-October-2010, 16:39
Clibirt eile - Hayes níos láidre sa chéad iarracht.

mr chips
2nd-October-2010, 16:42
Iarracht preabchúl a chur fríd, ach é stoptha agus ansin réiteoir sa bhealach. Pionós do Laighean ón chlibirt - luaigh sé an gréim don dara uair. Áfach, chic Nacewa an liathróid amach go díreach - buntáiste ag teacht ar ais chugainn.

mr chips
2nd-October-2010, 16:43
Agus an pionós bainte againn i ndiaidh crágadh maith laídir.
Clibirt bronnta orainn agus briseann Tuitupou fríd a fhad leis an líne 5m. Áfach, tulchnag ina dhiaidh sin agus deis ag Laighean an liathróid a chiceáil chun tosaigh. Níor thapaigh muid an deis ansin ...

mr chips
2nd-October-2010, 16:47
Amaideach - sheas Quinny ón chlibirt agus anois tá deis ag Nacewa 3 phointe a chur ar an chlár.
... ach d'éalaigh muid! Cic amach 22, agus ansin pionós.

mr chips
2nd-October-2010, 16:50
Magairlí - síneadh amach léite go maith ag Laighean. Áfach tulchnag eile agus tá an chlibirt againn ag an líne leathbhealaigh.

mr chips
2nd-October-2010, 16:52
Níl na sínte amach ag dul go ró-mhaith dúinn ag an phointe seo. Íosa chríost, cad é mar a fuair Nacewa fríd ansin?! Bhí an t-ádh orainn ansin ...

mr chips
2nd-October-2010, 16:54
Gach seans go mbeidh Mafi curtha ón pháirc i ndiaidh an ghreamaithe sin.

mr chips
2nd-October-2010, 16:55
Tá muid faoi bhrú anseo - ach maith iad sa chlibirt!

mr chips
2nd-October-2010, 16:59
Feck. Pionós inár n-éadán i leith imirt as cóir. 3-3.

mr chips
2nd-October-2010, 17:02
FFS. I ndiaidh an diabhal liathróid a bhaint úathu, cailleann siad arís é. Síneadh amach cosanta ach ar a laghad tá an imirt curtha go lár na páirce - ach ansin cuireann Fitzgerald cic maith isteach agus tá an síneadh amach ar ár 22.

mr chips
2nd-October-2010, 17:04
Síneadh amach bainte againn go maith an iarraidh sin - ach tá Heaslip iontach láidir sa ghreamadh. Ó, rinne John E go maith ansin!!

mr chips
2nd-October-2010, 17:05
FFS, Varley!

mr chips
2nd-October-2010, 17:06
Pionós in éadán Horgan i ndiaidh greamú ar TOL san aer ...

mr chips
2nd-October-2010, 17:07
smileys/sad.gif ROG.

mr chips
2nd-October-2010, 17:08
Cic den scoth ó TOL ansin. Síneadh amach ar 5m Laighin againn.

mr chips
2nd-October-2010, 17:09
Ní dóigh liom go raibh aon rud cearr leis an dóigh a d'imir Varley ansin - nach raibh sé go fóill ar a chosaí?

mr chips
2nd-October-2010, 17:12
Níos fearr ansin, rith maith ag Warwick agus níos mó tacaíochta tugtha dó.

mr chips
2nd-October-2010, 17:13
Mí-ádh ag TOL ansin, go háirithe i ndiaidh píosa maith rith chun tosaigh ag Bull.

mr chips
2nd-October-2010, 17:16
Tulchnag eile ag Laighean. Caithfidh mé a rá nach bhfuil ceachtar den dá fhoireann ag imirt ar ardchaighdeán.

POC Lost Tooth
2nd-October-2010, 17:22
ab bhfuil cead agam dul go dti on leithreas?

mr chips
2nd-October-2010, 17:32
Céad deis sa dara leath á thabhairt ag Kearney. Ag iarraidh cic pionóis 53 m a dheanamh ... fada go leor ach breá leathan.

mr chips
2nd-October-2010, 17:33
Leadóg ...

mr chips
2nd-October-2010, 17:34
Agus troid! Mafi arís, cárta buí ... smileys/sad.gif amadán.

mr chips
2nd-October-2010, 17:36
Beidh muid faoi bhrú millteanach anois ar feadh 10 bomaite.

mr chips
2nd-October-2010, 17:36
Greamadh an-iontach ó Sam ansin!

mr chips
2nd-October-2010, 17:37
Maith sibh Doug agus John E!

mr chips
2nd-October-2010, 17:40
Clibirt i bhfad níos fearr anois, cad é an difir? Cibé, beidh cic pionóis ag ROG. Bhí an t-ádh dearg ag Sam ansin nár chaill sé an liathróíd!

mr chips
2nd-October-2010, 17:40
3-6.smileys/cool.gif

mr chips
2nd-October-2010, 17:41
Reddan &amp; Sexton ag déanamh réidh le dul isteach.

mr chips
2nd-October-2010, 17:45
MAITH THÚ QUINNY!!!

mr chips
2nd-October-2010, 17:47
Mafi ag pilleadh agus fuair muid comhscór nuair a bhí seisean ar shiúil. Tá go maith, go dtí seo ...

mr chips
2nd-October-2010, 17:48
Wally istigh, slán Quinny.

mr chips
2nd-October-2010, 17:49
Agus an-tionchar imeartha ag Wally láithreach, maith é. Pionós slánaithe, 6-9.

mr chips
2nd-October-2010, 17:53
Íosa críost!! Ach cén dóigh a raibh ar Mafi an liathróid a chiceáil amach, nár chóir go mbeadh clibirt againn cibé?

mr chips
2nd-October-2010, 17:56
Cic cosanta den scoth ag ROG ansin, ach go ginéarálta tá muid faoi bhrú throm agus níl muid ag ionsaí ar an dóigh agus a ba chóir.

mr chips
2nd-October-2010, 18:01
Maith thú Micko!! Bhí sé sin tábhachtach. Áfach níor éirigh le TOL an diabhal rud a chur amach mar is ceart agus tá muid anois siar ...

mr chips
2nd-October-2010, 18:02
Níl Fitz agus BOD róshásta lena chéile ansin!smileys/lol.gif

mr chips
2nd-October-2010, 18:03
FFS, caitheamh isteach eile nach raibh díreach ...

mr chips
2nd-October-2010, 18:05
FFSsmileys/sad.gif. Ach le bheith ionraic, bhí sé sin ag teacht le tamall anuas. 13-9.

mr chips
2nd-October-2010, 18:10
Tulchnag eile. Damánta an méid meancóg atá á dhéanamh againn.

mr chips
2nd-October-2010, 18:11
Síneadh amach ionsaitheach againn anois, ar a laghad.

mr chips
2nd-October-2010, 18:12
Is dócha gurb é sin an deis deireanach imithe.smileys/sad.gif

bugler
2nd-October-2010, 18:13
What's the Irish for "plus ca change?"

mr chips
2nd-October-2010, 18:15
A oiread a athraíonn sé ...

mr chips
2nd-October-2010, 18:19
TOL - AMADÁN. Níor chinntigh sé go raibh go leor ama fágtha lena chiceáil amach. Magairlí, magairlí, magairlí. An-mhíshásta ar fad, leis an dara leath ach go háirithe. Ní dhearna muid aon rud cruthaitheach i rith an chluiche.

James Lynch
2nd-October-2010, 19:30
Cúig cluiche caillte ina dhiadh a chéile. Tá fadhb mór againn. Ní fhaca mé aon íomháineacht ón fhoireann. Ní chuireamar aon bhrú ar líne Cúige Laighean tríd an cluiche.
Tá sé dochreidthe gur thóg ROG an cic éiligthe chuig an cúinne in ionad iarract ar na 3 pointe agus níos mó ná 5 nóiméid fágtha againn! $ poínte idir na foirne agus bheadh ar Laighean an cic off a chur ar ais chughainn!!
Botún mór a bhí ann.
Táim an buartha faoin séasúir as seo amach. Go mór mhór an seachtain seo chughainn.

Taobh amuigh de sin, fair play do Mr Chips ar san an Match Tracker. An jab ar fad a chara!

mighty red
5th-October-2010, 14:46
Ardfhear Mr.Chips. Coinnigh ort leis an Matcg Tracker! Tá muid i bpraiseach ceart, don cúigiú cluiche in aghaidh Cúige Laighean níor scoráil muid úd ar bith. Tá gearghá anois go mbeidh Earls ar ais ar a sheanléim chomh lua agus is féidiragus bhféidir Warwick ag stiúradh õuimhir a deich!